← Bhí gaol gairid aige le bean an tí agus sin an fátha a raibh sé ag fanacht ansin. 🔊
← Bhí sé ar a bhealach ar ais go Kathmandu, áit a raibh lámh aige i ngníomhaíochtaí éagsúla a dúirt sé: cairpéid, seálta pashmina, earraí páipéir. 🔊✎
← Ligfinn orm féin go raibh mé bog go bhfeicfinn cad é mar a bhí sé ag brath buntáiste a ghlacadh orm. 🔊✎
← Cha raibh an buidéal ina lámh aige i gceart gur ól sé a raibh ann d'aon slog cíocrach amháin D'ofráil mé an dara buidéal dó agus ach oiread leis an chéad cheann char chuir sé suas dó. 🔊✎
← Ba mhór ab fhiú domh suim airgid a infheistiú láithreach sa chomhlacht déanta páipéir a raibh dlúthbhaint aige leis. 🔊✎
← De réir mar a bhí sé ag téamh leis an racht ceana seo, mar dhea, bhí sé ag tarraingt níos clósáilte domh ionas go raibh greim láimhe aige orm faoin tráth seo. 🔊✎
← Shíl sé go raibh mé somheallta agus go dtiocfadh leis suí i mo bhun agus ceann siar a chur orm. 🔊✎
← Is cosúil gur chuir bean an tí leid ina chluas go raibh an fear istigh do mo dhéanamh go dtí an dá shúil. 🔊✎
← Bhí eagla air go raibh mé ag éirí doicheallach, ag tarraingt siar. 🔊✎
← Bhí sramaí lena shúile ar an mhéad is a bhí siad ar leathadh aige os mo chomhair in iúl is go n-amharcfainn síos isteach i nduibheagán a dhúchais is go gcreidfinn go raibh sé gach choir, gan chlaonadh. 🔊
← Faoin am seo bhí sé siúráilte go raibh mé faoina anáil aige. 🔊✎
← Bhí a fhios agamsa go raibh slam de lire beagluachacha na hIodáile sáite i leataobh agam le fada i dtóin mo mhála droma. 🔊✎
← D'aimsigh mé iad láithreach agus chuntas mé amach lab nótaí díobh go mórluachach go raibh lán a chráige aige. 🔊✎
← Shíl sé go raibh a shainte de mhaoin aige ina lámh nuair a chonaic sé na nótaí míle ag carnadh ina bhois. 🔊✎
← Chomh luath agus a bhí an t-airgead istigh i gcúl a dhoirn aige, thosaigh sé ag méanfach agus ag ligean air féin go raibh néal codlata ag teacht air. 🔊✎
← Cé go raibh sé gaolta léi, a dúirt sí, is beag dáimh a bhí aici leis. 🔊